Cad é Sin Don Te Sin
Chuaigh mé 'un aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead's má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má ólaim an t-airgead 's má bhronnaim an t-ór
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má théim go coill chraobhach ag piocadh sméara nó cnó
'Baint úllaí de ghéaga nó 'bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann ag déanamh só
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má shíním seal uaire faoi chrann ag déanamh só
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má théimse chuig airneál is rince is spórt
Chuig aonach is rásí's gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má chím daoine súgach 's má bhím súgach leo
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh
Gan earra gan éadáil, gan bólacht ná stór
Má tá mise sásta 'bheith' mo chónaí i gcró
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Má tá mise sásta 'bheith' mo chónaí i gcró
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó
Cad é Sin Don Te Sin / Traditional arrangement by Denise Kelly
This song portrays a man happy to live life as he pleases. The title
translates as “Since it’s no one’s concern, no one should care”, in other
words, “Mind your own business”.
Click here to Close